Seolann Meteor Seirbhis Glorphoist as Gaeilge, ag Ceiliuradh na Teanga Gaeilge!
Is í Síle Seoige Guth Ghlórphost Gaeilge Meteor
Dé Luain, 18 Eanáir 2010: Inniu, sheol Meteor, an t-oibreoir líonra fón póca Éireannach seirbhís nua glórphoist as Gaeilge, an chéad cheann ar an margadh. Arna sheoladh le Gaeilgeoir Síle Seoige, ligeann an tseirbhís teachtaireachta nua do chustaiméirí Meteor an ‘cúpla focal’ a úsáid gach lá.
Ag eascairt ón rath a bhí ar an leagan Gaeilge dá suíomh gréasáin, Meteor.ie, tá freagra tugtha ag Meteor ar riachtanais a gcustaiméirí agus tá áthas ar an líonra fón póca Éireannach an chéad seirbhís glórphoist Gaeilge dá leithéid a chur ar bun. Tá súil ag Meteor tógáil ar an tionscnamh seo le linn na bliana 2010 agus tá áthas air tacaíocht a fháil ó Fhoras na Gaeilge, an t-eagras atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.
Chuir Clárbhainisteoir Pobail agus Gnó Fhoras na Gaeilge, an Dr Gearóid Trimble, fáilte ar leith roimh an tseirbhís nua agus dúirt, “Traoslaím le Meteor as an gceannródaíocht i soláthar na seirbhíse glórphoist Gaeilge agus, le suirbhé le déanaí a léiríonn go dtacaíonn 93% de thomhaltóirí ionchasacha in Éirinn le forbairt agus úsáid na Gaeilge, rud nua agus praiticiúil a bheidh i seirbhís glórphoist Gaeilge Meteor d’úsáideoirí fóin uilig, i measc na nGaeilgeoirí uilig, idir chainteoirí líofa agus bhunchainteoirí araon.”
Chun teacht ar an tseirbhís glórphoist Gaeilge, ní gá do chustaiméirí Meteor ach glaoch ar 171, agus ansin ón roghchlár rogha 4 (roghanna do bhosca poist) a dhéanamh, agus ansin rogha 9 chun teanga an bhosca poist a roghnú.
“Táimid bródúil as a bheith chun tosaigh agus seirbhís glórphoist as Gaeilge a thabhairt isteach atá ar fáil go heisiach do chustaiméirí Meteor. Tugann an tseirbhís seo an deis d’úsáideoirí Meteor uilig nascadh lena nGaelachas arís, agus bealach nua lena gcúpla focal a úsáid gach lá.” a deir Elaine Robinson, Ceannaire Forbartha Ard-Táirge Meteor.
Tá áthas ar láithreoir teilifíse agus ambasadóir ar son na Gaeilge, Síle Seoige, a bheith páirteach i seoladh na seirbhíse glórphoist Gaeilge Meteor agus gur úsáideadh a guth féin, blas aitheanta Chonamara, dos na teachtaireachtaí taifeadta as Gaeilge’!
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Síle: “Bíonn áthas ó chroí orm i gcónaí nuair a bhíonn deis agam mo chuid Gaeilge a úsáid agus molaim Meteor as dul ar tosach leis an smaoineamh iontach seo. Ní do Ghaeilgeoirí amháin an tseirbhís ach an oiread – tá neart daoine amuigh ansin ar mhian leo a nGaelachas a mharcáil agus beagáinín craic a bheith acu leis an teanga agus anois is féidir leo, a bhuíochas le seirbhís nuálaíoch Meteor.”
Tá rath tagtha ar an nGaeilge le blianta beaga anuas agus í sa faisean as an nua, a bhuíochas le leithéidí an fhuirseora Des Bishop agus cláir as Gaeilge ar nós Paisean Faisean agus Seacht.
