Faoi Meteor
Bunaíodh Meteor Mobile Communications i 2001 tar éis dóibh an 3ú ceadúnas fóin phóca in Éirinn a fháil.
Is fochomhlacht faoi úinéireacht iomlán eircom Group plc iad Meteor Mobile Communications.
Mar sholáthraí cumarsáidí fóin phóca Éireannach, tá sé d'aidhm ag Meteor iomaíochas ceart, agus na leasanna a bhaineann leis, a thabhairt chuig an margadh fóin phóca in Éirinn.
Bhí fás as cuimse ag Meteor le blianta beaga anuas agus anois tá breis agus milliún custaiméir ar a líonra agus beagnach 20% de sciar an mhargaidh aige (30 Meán Fómhair 2009).
Ár Luachanna:
- Ag Meteor táimid tiomanta dár gcustaiméirí, dár gcomhghleacaithe agus dár bpobal trí iompar eiticiúil, phlé cneasta agus thimpeallacht oscailte a chruthú.
- Feidhmímid i margadh atá de shíor ag athrú agus ag forbairt, agus ag Meteor táimid bródúil as ár gcumas chun athrú a chuimsiú agus rathú
- Tá fuinneamh agus díograiseacht ár mbaill foirne uile riachtanach dár bhfás. Spreagaimid obair foirne agus oscailteacht sa láthair oibre. Braithimid go bhfuil sé tábhachtach a bheith mar chuid d'fhoireann atá oscailte do thuairimí nua, atá in ann cinntí a dhéanamh go tapa agus atá dána sna roghanna a déantar.
Ár Straitéis:
- Tá Meteor i ngnó chun cumarsáidí simplí, éifeachtacha, gan bhaic agus luach ar airgead a sheachadadh go comhsheasmhach do dhaoine atá ag gluaiseacht.
- Táimid tiomanta d'ardseirbhís den scoth a sholáthar ar rátaí sár-iomaíocha trí chaidrimh iontacha a fhorbairt agus a choinneáil lenár gcustaiméirí agus freastal ar a riachtanais chumarsáide fóin phóca i mbealach chomh héifeachtach agus is féidir.
- Tomhastar ár rath trí fhás leanúnach an chomhlachta agus fheabhas ar ár gcáil.
Ár Líonra:
Clúdaíonn líonra Meteor níos mó ná 98% den daonra, le comhaontuithe sruthaireachta. Freisin cuirimid clúdach ar fáil i níos mó ná 133 ceann scríbe ar fud an domhain.
Leanann clúdach agus caighdeán a bheith mar an bpríomhfhócas do Meteor trí infheistíocht leanúnach sa líonra.
I Meán Fómhair na bliana 2008, thosaigh Meteor a líonra 3G agus sheol a phacáiste do leathanbhanda soghluaiste ar bhonn tráchtála, Broadband to Go i Márta 2009. Ag an am céanna, thóg Meteor isteach a líonra nua ardluais 14.4Mbps mar cheann de na líonraí is forbartha atá ar fáil san Eoraip. Ar fáil mar roghanna Íoc Mar a Théann Tú agus Íoc Bille, tugann Broadband to Go an luach is fearr do chustaiméirí i margadh leathanbhanda soghluaiste na hÉireann.
Fíricí Achoimre faoi Meteor:
Taispeánann na figiúirí is déanaí a foilsíodh go poiblí go bhfuil breis agus milliún custaiméir agus sciar 20% den mhargadh ag Meteor anois, ag 30 Meán Fómhair 2009.
Tá 40 Siopa ag Meteor ar fud na hÉireann anois, lena n-áirítear siopa ar líne. Ina theannta sin is féidir le custaiméirí margaí iontacha Meteor a fháil ó bhreis agus 400 siopa ar fud na tíre lena n-áirítear Siopaí Meteor, Carphone Warehouse, Xtravision, 3G agus iliomad eile:
- Tá Oifigí Réigiúnacha againn i: o Luimneach, sa Ghaillimh agus & i gCorcaigh.
- Le níos mó ná 7,000 láthair inar féidir breisiú creidmheasa a fháil ar fud na tíre measadh go traidisiúnta go raibh Meteor chun tosaigh, de réir luacha de, sa mhargadh (réamhíoctha) Íoc Mar a Théann Tú, a dhéanann suas 75% d'iomlán na síntiúsóirí fóin phóca Éireannacha.
- I 2005 sheol Meteor Pacáiste Cainte nua agus anois táthar ag gníomhachtú an oiread céanna custaiméirí Íoc Bille (iar-íoctha) lena n-iomaitheoirí.
- Ó go luath i 2005 i leith tá Foireann Ghnó tiomanta againn ag díriú ar earnáil na bhFiontar Beaga agus Meánmhéide.
- Tugtar Ábhar Meteor ar sheirbhís bhreisluach Meteor, atá deartha do thomhaltóirí de gach aois agus spéis. Ligeann an tseirbhís seo do chustaiméirí rochtain éasca agus shábháilte a fháil ar raon leathan d'ábhair, lena n-áirítear clingthoin, gearthóga físe, cluichí, grafacha, nuacht, aimsir agus spórt, srl.
Mar chuid de straitéis urraíochta Meteor tugtar urraíocht leanúnach do Ghradaim Cheoil na hÉireann Meteor.


