Glorphost
Glórphost
Ceadaíonn Glórphost go ghlaoiteoirí teachtaireachtaí a fhágáil duit nuair atá d’fhón gafa, nuair nach féidir leat teacht ar d’fhón, nuair atá tú lasmuigh den limistéar clúdaithe nó nuair atá d’fhón casta as.
Ag socrú
Chun glórphost a úsáid ní mór duit do bhosca poist saor in aisce a shocrú. Chun é seo a dhéanamh seol saorthéacs leis an bhfocal MAIL chuig 50102
Éist le do Ghlórphost
Chun éisteacht le do theachtaireachtaí diailigh 171 ó d’fhón póca. Is féidir leat suas le 25 teachtaireacht a stóráil i do bhosca glórphoist. Fanfaidh teachtaireachtaí nua i do bhosca poist suas le 17 lá agus is féidir leat teachtaireacht a shábháil suas le 14 lá i ndiaidh duit éisteacht leis.
Do Ghlórphost a Phearsanú
Do phasfhocal Glórphoist
- An chéad uair a úsáideann tú do bhosca poist, iarrfaidh an córas ort pasfhocal a shocrú. Ba chóir duit uimhir le 4-6 digit a roghnú atá éascu duitse le cuimhniú air ach atá deacair do dhaoine eile a thomhas.
- Nuair a athraíonn tú do phasfhocal, ní bheidh ort é chur isteach nuair a ghlaonn tú 171 ó d’fhón póca, ach beidh ort é a dhéanamh más mian leat do theachtaireachtaí a sheiceáil ó fón ar bith eile.
Do bheannú pearsanta
Is féidir leat beannú ar bith is mian leat a thaifeadadh. Nuair a chloiseann glaoiteoirí do ghuth ar an mbeannú bíonn a fhios acu go bhfuil an duine ceart faighte acu.Tá teachtaireachtaí ann duit
Cuirfimid ar an eolas tú nuair atá teachtaireachtaí i do bhosca poist. Gach uair a fhágann duine teachtaireacht duit seolfaimid foláireamh téacs chugat. Freisin, uair ar bith a bhíonn teachtaireachtaí i do bhosca poist nár éist tú leo, casfaimid ar siúl táscaire a léiríonn go bhfuil teachtaireacht ag feitheamh (siombal beag cosúil le spól téipe) sa chúinne ar chlé ag barr scáileán d’fhóin. Má tá an táscaire casta air, tá teachtaireachtaí nua agat; má tá sé casta as, níl aon teachtaireachtaí nua agat – tá sé chomh héasca sin!
Glaoigh ar ais – brúigh 6
Ligeann do sheirbhís glórphoist Meteor duit glao a chur ar ais ach cnaipe a bhrú. Am ar bith i rith na teachtaireachta nó ina dhiaidh is féidir leat 6 a bhrú agus a bheith nasctha leis an duine a d’fhág an teachtaireacht duit. Nuair atá tú críochnaithe, brúigh an eochair * agus fill ar do bhosca glórphoist chun éisteacht leis an gcéad teachtaireacht eile nó croch suas.
Chun teachtaireacht a scrios brúigh 7
Chun teachtaireacht a shábháil brúigh 9
Do phasfhocal agus beannú a athrú
Is féidir leat do phasfhocal agus beannú a athrú i ndiaidh duit iad a bhunú.
- Diailigh 171
- Éist le haon teachtaireacht nua atá agat agus tógfaidh an córas chuig an bpríomhroghchlár tú
- Chun do bheannú a athrú, brúigh rogha 3
- Chun do phasfhocal a athrú, brúigh rogha 4
Do theachtaireachtaí a fháil ó fhón eile
- Is féidir leat teacht ar do bhosca poist ach an digit 5 a dhiailiú roimh d’uimhir ghutháin. Mar shampla, más é 085 712 3456 uimhir d’fhóin póca, chuirfeá glao ar +353 85 5 712 3456. Cuimhnigh go gcaithfidh tú an cód tíre a chur isteach má tá tú ag glaoch ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann
- Nuair a shroicheann tú do bhosca poist ó fhón eile, brúigh an eochair hais (#) uair amháin chun do bheannú a chloisteáil ag tosú. Ansin iarrfaidh an córas ort do phasfhocal a chur isteach á leanúint ag an eochair hais (#)Ansin is féidir leat teacht ar do theachtaireachtaí mar is gnách.



